Glór na Móna
Location
Belfast | United Kingdom
Job description
Tá Glór na Móna ag earcú Comhordaitheoir Óige Áitiúil ar chumann Óige lóganta Ghlór na Móna, Cumann Óige Uachtar Chluanaí chun an togra ceannródaíoch óige s’againn a fhorbairt agus a stiúradh thar tréimhse bliana.
Is eagraíocht phobail agus óige í Glór na Móna, lonnaithe san Uachtar Chluanaí agus is é miseán s’againn na réimse tionscadail teangeolaíochta, cultúrtha, oiliúna, timpeallachta agus tacaíochta a sholáthar do phobal na Gaeilge atá ann agus ag teacht chun cinn i geantar Uachtar Chluanaí agus na ceantair maguaird. Is í an phríomhaidhm atá againn ná pobal labhartha Gaeilge atá bríomhar, cumhachtaithe agus inmharthana a chothú a chuireann le díchoilíniú cultúrtha agus athghabháil na Gaeilge. Chuige sin, cuireann muid cur chuige don óige agus don mhórphobal i bhfeidhm atá daonlárnach ón bhun aníos, a chothaíonn modheolaíochtaí rannpháirteacha agus cuir chuige cumhachtaithe.
Sonraí an phoist
Tá Glór na Móna ag earcú Comhordaitheoir Óige Áitiúil ar chumann Óige lóganta Ghlór na Móna, Cumann Óige Uachtar Chluanaí chun an togra ceannródaíoch óige s’againn a fhorbairt agus a stiúradh thar tréimhse bliana. Bunaíodh Cumann Óige Uachtar Chluanaí in 2009 agus tá sé ag fás agus a forbairt mar sháinshéirbhís óige áitiúil ó shin i leith. Tá an cumann dírithe ar pháistí idir 8 agus 18 agus bíonn sé oscailte ceithre oíche sa seachtaine idir a 6-10pm Máirt go Aoine. Déanfar sáinchláir san Obair Óige Dhúchasach Tumthach a sholáthar le réimse cuimsitheach de chláracha forbartha agus traenála óige, a thógann ar scileanna pearsanta, sóisialta, mothúchánach agus soctheangeolaíochta na ndaoine óga i dtearmann sabháilte óige. Beidh an Comhordaitheoir freagrach as bainistiú a dhéanamh ar 5 oibrithe óige tacaíochta agus búiséad óige thar saolré an tionscadail.
Áit: Gaelionad Mhic Goill
4 Clós na Carraige Báine
Béal Feirste, BT12 7RG
FREAGRACHT DO: Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghlór na Móna
TURASTAL: Pointe 21-29 NJC, £26, 975- £32,910(ag brath ag taithí agus cáilíochtaí)
TÉARMA: Conradh bliana, lanseartha, 37.5 uair sa seachtain
Critéir Riachtanacha don Chomhordaitheoir Óige Áitiúil:
Ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
Céim 3ú leibheál san obair óige/ i gcéim ábhartha nó ag obair ina dtreo
Duine fuinniúil gníomhach féinmhuiníneach, le hardscileanna idirphearsanta, a dtig leis/léi obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.
Taithí ar fhorbairt agus bainistiú cláir imeachtaí óige
Taithí ar chomhordú tionscadail óige
Taithí ar bhainistíocht foirne
Scileanna cumasacha i mbogearraí na teicneolaíochta faisnéise is forbairt bunachar sonraí, is scairbhileogaí excel
Taithí cuí maidir le tionscadail a ullmhú, agus a fhorbairt, agus maidir le hathbhreithniú agus an tuairisciú / measúnú cuí a dhéanamh ina leith;
Taithí shonrach ar bhainistíocht airgeadais agus buiséid, agus ar fhreagracht a ghlacadh as tuairiscithe airgeadais a ullmhú;
Taithí cuí cumarsáide, margaíochta agus poiblíochta, i gcomhthéacs na meán shóisialta agus na meán thráidisiúnta araon;
Taithí ar iarratais mhaoinithe a ullmhú agus a chur i gcrích agus tuairiscí cuí a ullmhú do mhaoinitheoirí.
Critéir inmhianaithe:
Taithí ag dearadh, ag eascú agus ag déanamh measúnú ar cláracha sáiniúla do dhaoine óga agus oibrithe óige.
Tuiscint chuimsitheach ar na sáinchéisteanna a théann i bhfeidhm ar dhaoine óga as pobail faoi míbhuntaiste.
Tuiscint chuimsitheach ar na cúinsí pholaitiúla reatha ó thuaidh is an feachtas leanúnach ar son cearta teanga do phobal na Gaeilge.
Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo, foirm iarratais a iarraidhtrí rphost a chur chuig an Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh, ag [email protected].
Spriocdháta iarratais: An Luan 18 Marta 2024 ag 5pm
Agallaimh, Luan 25 Márta 2024
Tags:
Job tags
Salary